Seo a leanas roinnt de na rialacha/nósanna/polasaithe atá i bhfeidhm ar chúiseanna Sláinte agus Sábháilteacht, Cosaint Linbh, agus do dheá-riarachán na scoile, agus iarraimid ar gach tuismitheoir/caomhnóir comhoibriú linn.
The following are some of the rules/customs/policies that are in place due to Health and Safety Issues, Child Protection, and for the smooth and efficient running of the school, and we ask that every parent/guardian cooperate with us.
Am Oscailte/Opening Times
Déantar maoirseacht ar dhaltaí na scoile sa chlós (nó sa halla ar la fliuch) ó 8.40am gach maidin. Níl cead ag aon daltaí bheith ar láthair na scoile roimh an am seo.
De bharr easpa spáis, iarrtar ar thuismitheoirí gan dul isteach sa halla leis na páistí ar mhaidin fhliuch.
Children are supervised in the yard (or in the hall if it’s raining) from 8.40am every morning. Children are not allowed on the school grounds before this time.
Because of space restrictions, parents are asked not to go into the hall with children on wet mornings.
Poncúlacht/Punctuality
Bailítear na paistí ón chlós nó ón halla ag 8.50 am gach maidin. Tá sé fíor thábhachtach go mbeidh gach páiste ar scoil faoin am sin. Cuireann sé as go mór don pháiste féin agus cuireann sé isteach ar obair an ranga nuair a thagann paistí ar scoil déanach.
Children are collected from the yard or the hall at 8.50am. It is very important that every child is at school by that time. It can be upsetting for the child and disruptive for the rest of the class when children arrive late.
Bia Sláintiúil/Health Eating
Bíodh lón agus deoch shláintiúil ag na páistí gach lá. Ní cheadaítear na rudaí seo a leanas:
Criospaí, cereal bars, muffins, cáca, fruit winders, milseáin, líreacáin, seacláid (ní cheadaítear seacláid nó aon bhia ina bhfuil seacláid le fáil), barraí, brioscaí(seachas ‘plain’), deochanna giosála, guma coganta, Capri-Sun, glóthach, Nutella agus cnónna, srl.
NB: De bharr go bhfuil ailléirge do chnónna ar pháistí sa scoil, níl cead ag aon duine cnónna nó bia le cnónna ann a thabhairt ar scoil.
Bíonn bainne agus torthaí ar fáil sa scoil gach lá.
Tá cead ag paistí treat beag a bheith acu sa bhosca lóin ar an Aoine.
Children should bring a healthy lunch and drink to school every day. The following foods are not allowed:
Crisps, cereal bars, muffins, buns, cake, fruit winders, sweets, lollipops, chocolate (any food with chocolate will not be allowed), bars, biscuits(except plain), fizzy drinks, chewing gum, Capri-Sun, jelly Nutella and nuts, etc.
NB: Some children in Gaelscoil Míde have a severe nut allergy and therefore nuts and any foods containing nuts are not allowed in school.
Milk and fruit is available in school every day.
Children can bring a small treat to school on Fridays.
Éide Scoile/School Uniform
Caithfidh gach paiste an t-éide scoile ina iomláine(T léine bán san aireamh) a chaitheamh ar scoil gach lá. Má tá cúis eisceachtúil nach bhfuil an t-éide a chaitheamh ag páistí, caithfidh nóta a bheith acu sa dialann.
Children must wear the complete school uniform(including white T shirt or polo shirt) every day at school. If for any reason a child is not wearing the uniform, they must have a note in the dialann.
Tinneas/Unwell
Mura bhfuil do pháiste ag mothú maith go leor le gnáth lá a chaitheamh sa scoil agus sa chlós, is ceart é/í a choimeád sa bhaile go dtagann biseach air/uirthi.
I gcásanna eisceachtúla go gcaithfidh páiste fanacht istigh ag am sosa/lóin caithfidh nóta a bheith ag an pháiste gach lá atá i gceist.
If your child is not feeling well enough to spend a normal day at school and in the yard, please keep them at home until they are better.
In exceptional circumstances when a child must stay in during breaks, he/she must have a note each day.
Cumarsáid le Múinteoirí/Communicating with teachers
Is é nóta sa dialann an bealach is éifeachtaí le teagmháil a dhéanamh leis na múinteoirí ranga. Is féidir, má tá gá leis, glaoch ar an scoil agus tabharfaidh Síle an teachtaireacht don mhúinteoir. Má tá géarghá le labhairt le múinteoir, is fearr glaoch ar an scoil agus socrú a dhéanamh go nglaofaidh an múinteoir ar ais ort nó coinne a dhéanamh le bualadh leis an mhúinteoir.
Tá gá le nóta sa dialann tar éis asláithreacht, teach ar scoil déanach nó mura bhfuil obair bhaile críochnaithe.
A note in the diary is the best way to communicate with the class teacher. If necessary, parents can telephone the school and Sile will pass on messages to the teacher. If you must speak to a teacher, please telephone the school and arrange for the teacher to call you back or make an appointment to meet the teacher.
Children must have a note in the diary after being absent, if arriving late for school or if homework hasn’t been completed.
Bailiú Páistí go Luath/Collecting children early
- Cuir nóta sa dialann ag insint cén t-am agus cén fáth a bhfuil tú ag bailiú do pháiste.
- Tar isteach chuig Síle san oifig agus sínigh an “Foirm Síniú Amach”.
- Cuirfidh Síle fios ar an pháiste ón rang.
- Buailfidh do pháiste leat taobh istigh de phríomh doras na scoile.
- Write a note in the dialann to let the class teacher know the time and the reason you are collecting your child.
- Come to Síle in the office and sign the “Sign-Out Form”.
- Síle will fetch the child from the classroom.
- Your child will meet you inside the front door of the school.
Gléasanna Leictreonach/Electronic Devices
Níl cead ag aon pháiste fón póca nó aon ghléas leictreonach eile a bheith ina s(h)eilbh in am ar bith sa scoil, ar an bhus nó ar aon ócáid scoile, mar shampla, turas scoile, cluiche peile srl.
I gcásanna eisceachtúla, má chruthaíonn an riail seo deacrachtaí móra, mar shampla, páiste a théann abhaile ar an DART nó le Bus Átha Cliath, iarraimid ar thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh leis an phríomhoide chun socrú eile a phlé.
The children are not allowed to have mobile phones or any other electronic devices in their possession at any time in the school, on the bus or at any school event, e.g. school tours, matches after school etc.
In exceptional cases, where this rule causes major inconvenience for families, e.g. children who come to school on the DART, Dublin Bus etc. we ask that parents contact the principal to discuss alternative arrangements.
Cúrsaí Airgid/Money Matters
Seolaigí isteach an t-airgead do na leabhar srl. chomh luath agus is féidir. Is féidir an bille a íoc le Síle san oifig i rith am scoile.(Ar maidin, roimh 11am más féidir ar chor a bith.) Má tá sibh ag seoladh isteach airgead le páistí, déanaigí cinnte go bhfuil ainm an pháiste, an méid airgid, agus an bille atá á íoc scríofa go soiléir ar an chlúdach dúnta. Seolfar an éide scoile abhaile leis na paistí tar éis don airgead a bheith íoctha.
Má tá deacracht ag aon duine le fiacha scoile a ghlanadh, is féidir teacht i dteagmháil leis an phríomhoide, nó le Síle an Rúnaí, faoi dhiscréid, chun é sin a phlé.
Please pay bills for books etc. as soon as possible. Bills can be paid with Síle in the office during school hours.(In the mornings, before 11am if at all possible) If you are sending money in with the children, please have it in a sealed envelope with the name of the child, the amount enclosed and the bill being paid clearly written on the outside. School tracksuits will be sent home with children once they have been paid for.
If anyone has difficulty paying book bills etc. to the school, they can make discreet contact with the principal or with Síle the Secretary to discuss this.
Míoltóigíni/Head Lice
Cosúil le beagnach gach scoil sa tír, bíonn deacrachtaí againn go minic sa scoil le míoltóigíni gruaige. Iarann muid ar gach tuismitheoir sár iarracht a dhéanamh i rith na bliana ar fad chun na míoltóigíní a sheachaint nó a aimsiú agus fáil réidh leo nuair is gá. Tá gach eolas ar fáil ón bpoitigéir, nó ar shuíomh idirlín an HSE ag: http://www.hse.ie/eng/health/az/H/Head-lice/Detecting-head-lice.html
Like most schools in the country, we regularly have issues with head lice. We ask that that parents make every effort to avoid, detect and treat head lice if necessary. Information is available from your local pharmacy or from the HSE website at:
http://www.hse.ie/eng/health/az/H/Head-lice/Detecting-head-lice.html
Obair Bhaile/Homework
Bíonn obair bhaile ag na daltaí ceithre oíche sa tseachtain, de ghnáth: Luan, Máirt, Céadaoin agus Déardaoin. Anois is arís, mar phribhléid, bronntar oíche shaor ón obair bhaile ar pháiste/ar ghrúpa páistí/ar rang iomlán nó ar an scoil ar fad. Bíonn gné scríofa agus gné foghlama san obair bhaile de ghnáth. Bítear ag súil leis go ndéanfaidh tuismitheoirí maoirseacht ar an obair bhaile agus go mbeidh síniú tuismitheora sa dialann obair bhaile agus ar aon obair scríofa más cuí.
Is iad seo a leanas na treoirlínte ama do na ranganna éagsúla:
- Naíonáin Shóisir (ó Théarma 2): 0-10 nóiméad
- Naíonáin Shinsir: 0-15 nóiméad
- Ranganna 1,2: 20–30 nóiméad
- Ranganna 3,4: 30–45 nóiméad
- Ranganna 5,6: 45–60 nóiméad
Children usually have homework four nights a week, Monday to Thursday. Occasionally a night free from homework is awarded to an individual/group of children or the whole class/school. Homework will normally have both a written and learning element. Parents are asked to supervise the homework and to sign the dialann and the written work when appropriate. The time guidelines for each class are given above.
Sábháilteacht Bóthar/Road Safety
Déanaigí cinnte go bhfuil sibh i gcónaí páirceáilte go dleathach in aice na scoile. Is do charranna amháin atá na geataí móra isteach sa scoil. Níl cead ag aon pháiste nó duine fásta riamh siúl isteach nó amach na geataí seo. Caithfidh coisithe an geata beag a úsáid.
Please make sure that your car is always legally parked when near the school. The large gates at the side of the school are strictly for cars only. Neither children or adults are allowed to walk in and out these gates. Pedestrians must use the smaller gate.
Ba mhaith linn, ar dtús, ár mbuíochas a ghabháil libh ar fad as ucht an tacaíocht a thug sibh an téarma seo caite. Sár obair arís ón gCoiste Ceoil agus ón gCoiste Snámha. Freisin, bhailíomar cuid mhaith airgid trí Fhéilirí, Bailiúchán Éadaí, Oícheanta na Scannáin agus Carúil na Nollag. Tá súil againn a bheith níos gnóthaí fós an téarma seo!
Malartú Chultacha Scoile: Dé Luain 22 – Dé Máirt 23 Feabhra
Má tá seanchultacha agaibh sa bhaile, nach bhfuil ag teastáil níos mó, is féidir libh iad a thabhairt isteach go dtí an scoil. Táimid ag glacadh le sciortaí agus geansaithe dúghorma freisin. Má tá culaith bhreise uaibh taraigí isteach agus bailígí í saor-in-aisce. Beidh siad ar bhoird sa halla, socraithe in ord méide. Táimid ag lorg cultacha nite atá néata gan a bheith stróicthe. Táimid sásta glacadh le cultacha a bhfuil an dath lag iontu.
Oíche an Dioscó: Dé hAoine, 4 Márta ó 6.30pm – 8.15pm
Do na Naíonáin Bheaga go Rang 3. Criospaí, deochanna, grán rósta tugtha – €5.
Oíche an Scannáin: Dé hAoine, 11 Márta ó 7.00pm – 9.30pm
Do Rang 4 go Rang 6. Páistí le scannán a roghnú/vóta a chaitheamh. Criospaí, deochanna, grán rósta tugtha – €5.
Raifil na Cásca
Beidh Raifil Scoile ann le haghaidh ubh Chásca speisialta. Díolfar na ticéid sa scoil.
Tráth na gCeist: Dé hAoine, 15 Aibreáni CLG Naomh Barróg.
I mbliana tá aonad nua againn don Tráth na gCeist. Is seans iontach í seo chun cabhrú leis an scoil agus le oíche phléisiúrtha a bheith againn ag an am céanna. Ceadófar suas go seisear ar gach bord, €10 an duine.
Má tá duaiseanna agat gur féidir leat deonú don raifil nó don cheant bheimis thar a bheith buíoch glacadh leo.
Má tá aithne agat ar ghnó ar bith a bheadh sásta cabhrú linn ar shlí ar bith bheimis an-bhuíoch dá rachfá i dteagmháil leo. Tabharfar aitheantas do gach gnó no pearsanra a thugann cúnamh dúinn ar an oíche. Glacfar le haon duais, mór nó beag, le míle buíochas. Déan teagmháil leis an gCoiste faoi seo ag 087-2935741.
Díolachán Leabhair & Cácaí: Dé hAoine, 29 Aibreán.
Athchúrsáil Teicstílí: Dé Luain, 16 Bealtaine.
I Mí Bealtaine, beidh comhlacht athchúrsála ar ais sa scoil chun sean éadaí, bróga, tuáillí agus teicstílí eile a bhailiú. Rachaidh an t-airgead a bhailítear díreach chuig an scoil.
Le buíochas
Coiste na dTuismitheoirí
***************************************************************************
First of all, thank you to everyone who supported our initiatives last term. The Coiste Ceoil and Coiste Snámh continue to do their usual wonderful work. The School Calendars, Textile Recycling, Disco, Movie Night and Carol Singing were very successful. We hope to be even busier this term.
Uniform Drop and Swap: Monday 22nd – Tuesday 23rd February.
If you have old Gaelscoil Míde tracksuits that you have no further use for perhaps you would like to send them in to the school? Navy pinafores, skirts, cardigans and jumpers are also welcome. If you would like to pick up a spare uniform then please come in and take one for free. Tables will be set up in the Halla, sorted by uniform size. Please send in uniforms washed and in good repair, without tears or patches. Reasonable fading is acceptable.
Disco night: Friday 4th March 6.30pm – 8.15pm.
For Naíonáin Bheaga to Rang 3. Crisps, drinks, popcorn provided – €5.
Movie Night: Friday 11th March 7.00pm – 9.30pm.
For Rang 4 to Rang 6. Children to pick/vote for movie. Drinks and snacks provided – €5.
Easter Raffle
School Raffle for special Easter egg. Tickets sold in school.
Pub Quiz: Friday April 15th in Naomh Barróg GAA Club.
This year we have a new venue for our popular Quiz night. We're planning a fun and lighthearted quiz. It's a great opportunity to help the school and have an enjoyable evening in the process. Maximum six people per table, €10 per person.
If you have any prizes to donate to the raffle and auction we would be delighted to accept them.
If you know of any business willing to sponsor or contribute to our night it would be greatly appreciated. Everyone who contributes will be listed and thanked on the night.
Any prizes, big or small, will be gratefully accepted. Contact the Coiste at
087-2935741.
Book and Bake Sale: Friday April 29th.
Textile Recycling: Monday 16th May 2016.
Another textile collection week is planned for May. A recycling company will call to the school to collect old clothing, textiles, bed linen, towels, and shoes. Any money earned goes directly to the school. So, please have a look around the house and start gathering up anything you don’t need.
Le buíochas
Coiste na dTuismitheoirí